Tá ceardchumainn cláraithe faoi Achtanna na gCeardchumann 1871-1990. Bunaítear ceardchumainn chun ionadaíocht a dhéanamh ar oibrithe ina gcaidreamh le fostóirí nó chun gníomhú mar chomhlachtaí ionadaíocha do ghrúpaí sainleasa.

Chun ceardchumann a chlárú, ní mór don ghrúpáil atá i gceist, a chaithfidh a bheith comhdhéanta de sheachtar ar a laghad, sraith rialacha a tharraingt suas a rialaíonn oibriú an cheardchumainn. Caithfidh na nithe a cheanglaítear a fhoráil sa Chéad Sceideal den Trade Union Act 1871 a bheith sna rialacha ar a laghad. Cuirtear na rialacha, mar aon leis an bhfoirm iarratais agus an táille fhorordaithe faoi bhráid an Chláraitheora lena scrúdú agus, a luaithe a chinntear go bhfuil na rialacha de réir an reachta, cláraítear an ceardchumann.

Ní ráthaíonn clárú mar cheardchumann go bhfaighidh ceardchumann ceadúnas caibidlíochta; is ceist í seo don Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta nach bhfuil aon fheidhm ag Cláraitheoir na gCairdiúil-Chumann ann. Tá foirm iarratais ar fáil trí ríomhphost a sheoladh chuig rfs@rfs.gov.ie .

Nasc le Leathanach na bhFoirmeacha Nasc go Leathanach Táillí

Tuairisceán Bliantúil
Tar éis clárúcháin, ní mór do cheardchumann a chuntais a bheith iniúchta gach bliain ag “duine nó daoine oiriúnacha agus cuí éigin” arna gceapadh ag na hiontaobhaithe (alt 11 den Trade Union Act 1871). Cé nach bhfuil ceanglas dlíthiúil ar chumann iniúchadh a dhéanamh ar a chuntais ag iniúchóir cláraithe, molann an Cláraitheoir go láidir go ndéanfadh ceardchumainn amhlaidh. Ní mór do cheardchumann tuairisceán bliantúil, déanta suas go dtí 31 Nollaig, a dhéanamh don Chláraitheoir faoin 1 Meitheamh ina dhiaidh sin agus ní mór na cuntais iniúchta agus cóip de na rialacha cláraithe reatha a bheith in éineacht leis an tuairisceán.

Agus doiciméid á dtaisceadh leis an RFS, cinntigh le do thoil nach gcuirtear isteach ach leathanaigh neamhcheangailte. Cinnteoidh sé seo go gcoimeádtar an t-am a thógann sé chun aighneachtaí a ullmhú agus a scanadh a laghad agus is féidir, rud a bheidh chun leasa an RFS agus ár gcustaiméirí araon. Coimeádfar leathanaigh de dhoiciméad le chéile trí bhíthin fáiscín nó stáplacha ag an gcúinne ar bharr na láimhe clé agus ní bheidh siad fuaite le chéile ná faoi cheangal ar aon bhealach eile agus ní bheidh aon téip ghreamaitheach orthu. Is féidir tuairisceáin bhliantúla a chomhdú ar líne anois ar CORE .

Leasuithe ar Rialacha Cláraithe
Má leasaíonn ceardchumann aon cheann dá rialacha, ní mór dó iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir chun an leasú a chlárú. Cláróidh an Cláraitheoir an leasú nuair is deimhin leis go bhfuil sé de réir reachta.

Leasú Páirteach: Foirm C
Ní mór do sheachtar ball den cheardchumann iarratas a dhéanamh ar athrú páirteach ar na rialacha agus na doiciméid seo a leanas a chur leis:

    (a) dhá chóip den leabhar rialacha nua beartaithe (críochnaithe) mar a athraíodh é tar éis na n-athruithe a bheith marcáilte O ar gach cóip agus sínithe ag gach iarratasóir. Ní gá a thuilleadh na rialacha cláraithe roimhe seo a chur isteach agus
    ( b ) Dearbhú reachtúil i bhFoirm D.

 
Leasú iomlán: Foirm F
Déanfaidh seachtar ball den cheardchumann iarratas ar chlárú athrú iomlán ar rialacha agus beidh dhá chóip chlóite de na rialacha nua ag gabháil leis, gach cóip marcáilte P agus sínithe ag gach iarratasóir; agus sula gcláróidh an Cláraitheoir an tsraith rialacha nua, déanfaidh sé a dheimhniú go bhfuil foráil ann do na nithe uile a bhfuil foráil le déanamh ina leith i rialacha ceardchumainn chláraithe faoi Achtanna na gCeardchumann 1871 go 1990.
I dteannta dearbhú reachtúil i bhFoirm D. Is féidir leasuithe ar rialacha a chomhdú ar líne anois ar CORE .

Athrú ar Oifig Chláraithe
Má athraíonn ceardchumann a oifig chláraithe, ní mór dó fógra a thabhairt don Chláraitheoir ag baint úsáide as Foirm M. Tá táille chomhdaithe €15 ag baint le Foirm M nuair a chomhdaítear í leis an bpost. Tá Foirm M saor in aisce má chomhdaítear í ar CORE .

Cónascadh, Aistriú Gealltanas agus Athrú Ainme
Féadfaidh ceardchumann cónascadh le ceardchumann eile nó a ghealltanais a aistriú chuig ceardchumann eile i gcomhréir le forálacha Acht na gCeardchumann, 1975. Tá tuilleadh eolais ar na riachtanais ar fáil ón gClárlann.

Féadfaidh ceardchumann a ainm a athrú de réir alt 12 den Acht Ceardchumann 1975 . Tá tuilleadh eolais faoin nós imeachta ar fáil ón gClárlann.

Nasc le Leathanach na bhFoirmeacha Nasc go Leathanach Táillí